1. Tháinig briathar an Tiarna chugam arís:
2. “A mhic an duine, cuir in iúl a himeachtaí gránna do Iarúsailéim.
3. Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia le Iarúsailéim: Is de thír na gCanánach do bhunadh agus do bhreith; ba Amórach d'athair agus Hiteach do mháthair.
4. Ar bhreith duit, ar lá do bhreithe féin, níor gearradh d'imleacán, níor níodh in uisce thú le do ghlanadh; níor sailleadh thú ná níor cuireadh i gcrios ceangail thú.
5. Níor dhearc aon duine ort le trua duit, le haon ghníomh trócaire díobh seo a dhéanamh duit; teilgeadh amach thú ar an mblár folamh i d'ábhar déistine an lá a rugadh thú.
6. “Ar ghabháil tharat dom agus tú a fheiceáil i do chróluí féin, dúirt mé leat agus an fhuil umat: ‘Mair,
7. agus fás amhail féar na páirce.’ D'fhás tú, mhéadaigh agus tháinig ann duit; bhí do chíocha cumtha agus do ghruaig fásta, ach bhí tú lom tarnocht go fóill.
8. Ar ghabháil tharat arís dom d'amharc mé ort. Bhí tú aibí chun grá; leath mé beann mo chlóca ort agus chlúdaigh do tharnochtacht: sea, thug mé mionn duit, chuaigh mé i gconradh leat - an Tiarna Dia a labhraíonn - agus ba liomsa thú.