3. “A mhic an duine, tá a gcroí istigh ag an dream seo sna híola atá acu; breathnaíonn siad le taitneamh ar bhunchúis a n‑urchóide. Ar chóir dom ligean dóibh mo thuairisc a chur ar chor ar bith?
4. Dá bhrí sin, labhair leo; abair seo leo: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Cibé fear de mhuintir Iosrael a bhfuil a chroí istigh sna híola atá aige agus a bhreathnaíonn le taitneamh ar bhunchúis a urchóide agus a thagann ina dhiaidh sin chuig an bhfáidh, gheobhaidh sé freagra uaimse, an Tiarna, mar gheall ar iomad a íol’,
5. ionas go meallfaidh mé chugam na croíthe de mhuintir Iosrael go léir a thug cúl liom ar son a n‑íol.
6. “Dá bhrí sin, abair le muintir Iosrael: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Déanaigí aithrí, iompaígí ó bhur n‑íola agus tréigigí bhur n‑imeachtaí gránna uile.
7. Cibé fear de mhuintir Iosrael - nó de na coimhthígh atá ag cur fúthu in Iosrael - a thugann cúl liomsa, a ghlacann chuige féin ina chroí istigh na híola atá aige, a shuíonn bunchúis a urchóide os a chomhair amach agus a thagann ina dhiaidhsean chuig fáidh ag cur mo thuairisce, freagróidh mise, an Tiarna, é de mo dheoin féin.
8. Diúltóidh mé don fhear sin, déanfaidh mé sampla agus solaoid de, gearrfaidh mé amach é as lár mo phobail, agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.
9. Má bhíonn an fáidh meallta, mise, an Tiarna, a mheall an fáidh sin; sínfidh mé amach mo lámh ina choinne agus scriosfaidh mé é as lár mo phobail, Iosrael.
10. Fulaingeoidh siad pionós agus beidh an pionós céanna ann don fháidh agus don duine a chuireann tuairisc;
11. ionas nach seachránfaidh muintir Iosrael uaim arís agus nach dtruailleoidh siad iad féin níos mó lena gcionta, ach go mbeidh siad ina bpobal agamsa agus mise i mo Dhia acusan - an Tiarna a labhraíonn.’ ”
12. Tháinig briathar an Tiarna chugam:
13. “A mhic an duine, dá bpeacódh tír i mo choinne trí mhídhílseacht agus go sínfinn amach mo lámh ina choinne, go mbrisfinn a stór aráin agus gorta a sheoladh chuige agus gach fear agus ainmhí ann a scrios as;
14. dá mbeadh fiú an triúr seo ann, Naoi, Dainéil agus Iób, ní thabharfaidís slán de bharr a bhfíréantachta ach a mbeatha féin amháin - an Tiarna Dia a labhraíonn.
15. Dá scaoilfinn ainmhithe allta ar fud na tíre agus go gcreachfaidís agus go mbánóidís é ionas nach mbeadh sé intaistil mar gheall ar na hainmhithe;
16. dá mbeadh fiú an triúr seo ann, dar mo bheatha - an Tiarna Dia a labhraíonn - ní thabharfaidís mac ná iníon slán ach iad féin amháin agus bhánófaí an talamh.