Eizicéil 14:11-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. ionas nach seachránfaidh muintir Iosrael uaim arís agus nach dtruailleoidh siad iad féin níos mó lena gcionta, ach go mbeidh siad ina bpobal agamsa agus mise i mo Dhia acusan - an Tiarna a labhraíonn.’ ”

12. Tháinig briathar an Tiarna chugam:

13. “A mhic an duine, dá bpeacódh tír i mo choinne trí mhídhílseacht agus go sínfinn amach mo lámh ina choinne, go mbrisfinn a stór aráin agus gorta a sheoladh chuige agus gach fear agus ainmhí ann a scrios as;

14. dá mbeadh fiú an triúr seo ann, Naoi, Dainéil agus Iób, ní thabharfaidís slán de bharr a bhfíréantachta ach a mbeatha féin amháin - an Tiarna Dia a labhraíonn.

15. Dá scaoilfinn ainmhithe allta ar fud na tíre agus go gcreachfaidís agus go mbánóidís é ionas nach mbeadh sé intaistil mar gheall ar na hainmhithe;

16. dá mbeadh fiú an triúr seo ann, dar mo bheatha - an Tiarna Dia a labhraíonn - ní thabharfaidís mac ná iníon slán ach iad féin amháin agus bhánófaí an talamh.

17. Nó dá dtabharfainn claíomh ar an tír sin agus a rá: Téadh an claíomh tríd an tír, agus go scriosfainn gach fear agus ainmhí amach as;

18. dá mbeadh fiú an triúr seo ann, ní thabharfaidís mac ná iníon slán ach iad féin amháin, dar mo bheo - is é an Tiarna a labhraíonn.

19. Nó dá seolfainn plá chun na tíre sin agus m'fhearg a ídiú ann le fuil ionas go scriosfaí gach fear agus ainmhí ann;

20. dá mbeadh fiú Naoi, Dainéil agus Iób ann, dar mo bheatha - an Tiarna Dia a labhraíonn - ní thabharfaidís slán de bharr a bhfíréantachta ach a mbeatha féin amháin.

21. “Seo mar a deir an Tiarna: Nach mó fós a tharlóidh nuair a ghearrfaidh mé mo cheithre phionós nimhneacha ar Iarúsailéim - an claíomh, an gorta, ainmhithe allta agus an phlá - ionas go scriosfar ann gach fear agus ainmhí!

22. Ach má fhágtar aon duine ann le bhur mic agus bhur n‑iníonacha a tharrtháil; nuair a thiocfaidh siad chugaibh agus nuair a fheicfidh sibh a n‑iompar agus a ngníomhartha, gheobhaidh sibh sólás cúitimh as an olc a thug mé ar Iarúsailéim, as ar tharraing mé anuas uirthi.

23. Tabharfaidh siad sólás daoibh nuair a fheiceann sibh a n‑iompar agus a ngníomhartha; agus tuigfidh sibh nach gan fáth a rinne mé gach rud mar a rinne - an Tiarna Dia a labhraíonn.”

Eizicéil 14