6. Tógfaidh tú an mála taistil ar do ghualainn os a gcomhair agus tabharfaidh tú amach é sa dorchadas. Clúdóidh tú d'aghaidh ionas nach bhfeicfidh tú an talamh; óir rinne mé comhartha díot do mhuintir Iosrael.’ ”
7. Rinne mé mar a ordaíodh dom. Thug mé mo mhála taistil amach de lá amhail mála taistil deoraí, agus um tráthnóna thochail mé tríd an mballa le mo lámha féin. Chuaigh mé amach sa dorchadas ag iompar mo mhála ar mo ghualainn os a gcomhair.
8. Tháinig briathar an Tiarna chugam ar maidin:
9. “A mhic an duine, nár fhiafraigh muintir Iosrael, an dream ceannairceach sin, díot cad a bhí ar siúl agat?
10. Abair leo: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Baineann an tairngreacht seo leis an uachtarán in Iarúsailéim agus le muintir uile Iosrael atá ansin.’
11. Abair: ‘Is comhartha mise daoibh: mar a rinne mise déanfar amhlaidh leosan; rachaidh siad ar deoraíocht, i mbraighdeanas.’
12. An t‑uachtarán ina measc tógfaidh sé a mhála taistil ar a ghualainn sa dorchadas agus imeoidh sé leis; tochlóidh sé tríd an mballa agus rachaidh sé amach. Clúdóidh sé a aghaidh ionas nach bhfeicfidh sé an talamh lena shúile.
13. Leathnóidh mise mo líon air agus rachaidh sé i bhfostú i mo mhogall; tabharfaidh mé liom é go dtí an Bhablóin i dtír na gCaildéach, cé nach bhfeicfidh sé é; agus gheobhaidh sé bás ansin.
14. Agus cách dá bhfuil thart air idir chúntóirí agus thrúpaí, scaipfidh mé iad le gach gaoth agus nochtfaidh mé claíomh ina ndiaidh.
15. Tuigfidh siad gur mise an Tiarna nuair a ruaigfidh mé iad ar fud na dtíortha.
16. Ach fágfaidh mé beagán acu saor ón gclaíomh, ón ngorta agus ón bplá, ionas go n‑admhóidh siad a n‑imeachtaí gránna uile ar fud na gciníocha mar a dtéann siad, agus go dtuigfidh siad gur mise an Tiarna.”
17. Lena chois sin tháinig briathar an Tiarna chugam:
18. “A mhic an duine, bí ar crith agus tú ag ithe do chuid aráin; bíodh eagla d'anama ort agus tú ag ól uisce.
19. Abair le pobal na tíre: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia faoi áitritheoirí Iarúsailéim i dtír Iosrael: Íosfaidh siad a n‑arán le faitíos agus ólfaidh siad a n‑uisce le huafás, toisc go mbeidh an tír ina fásach lom ó fhoréigean na n‑áitritheoirí.