26. Tháinig briathar an Tiarna chugam arís:
27. “A mhic an duine, féach, deir muintir Iosrael: ‘An fhís a fheiceann sé tá sí mórán laethanta uainn fós; tairngríonn sé faoi am i bhfad romhainn.’
28. Dá bhrí sin, abair leo: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Ní chuirfear aon chuid de mo bhriathra ar cairde a thuilleadh, ach an briathar a labhraím cuirfear i gcrích é - an Tiarna Dia a labhraíonn.’ ”