13. Tharla, agus mé ag tairngreacht, gur éag Palaitia mac Bhanáiá. Shléacht mé go talamh agus bhéic os ard: “A Thiarna Dia, an bhfuil sé leagtha amach agat iarmhar Iosrael a dhíothú?”
14. Tháinig briathar an Tiarna chugam ansin:
15. “A mhic an duine, do bhráithre - is é sin do dheartháireacha, fir do chine, muintir iomlán Iosrael - dúirt muintir Iarúsailéim leo: ‘D'imigh sibhse i bhfad ón Tiarna; is dúinne a tugadh an tír seo mar oidhreacht.’
16. Abair, dá bhrí sin: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Cé gur theilg mé i bhfad uaim iad i measc na gciníocha agus gur scaip mé iad ar fud na dtíortha, ba shanctóir dóibh mé ar feadh tamaill sa tír ina ndeachaigh siad.’
17. Abair, dá bhrí sin: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Cruinneoidh mé sibh ó na ciníocha, cruinneoidh mé sibh as na tíortha inar scaipeadh sibh agus bronnfaidh mé fearann Iosrael oraibh.’
18. Ar theacht ansin dóibh ruaigfidh siad glan idir uafáis agus imeachtaí gránna aisti.