6. Nuair a d'ordaigh sé d'fhear an éadaigh lín aibhleoga a ghlacadh ón tine a bhí faoi na rothaí idir na ceiribíní, chuaigh sé isteach agus sheas in aice le roth.
7. Shín ceiribín amháin a lámh (idir na ceiribíní) i dtreo na tine a bhí idir na ceiribíní, agus thóg aibhleoga di agus chuir i lámha fhear an éadaigh lín iad. Ghlac seisean iad agus d'imigh amach.
8. Chonacthas [dom] go raibh mar a bheadh lámh duine faoina sciatháin ag na ceiribíní.
9. D'amharc mé: bhí ceithre roth le hais na gceiribíní, roth le hais gach ceiribín acu; bhí cuma na rothaí mar dhrithliú criosailít.
10. Bhí an chuma chéanna ar an gceathrar agus iad mar a bheadh roth i lár rotha.
11. Ag gluaiseacht dóibh d'imigh siad i dtreo aon cheann de na ceithre threo gan claonadh óna gcursa; cibé treo a dtéadh an roth tosaigh leanadh na rothaí eile é, gan claonadh óna gcúrsa.
12. Bhí a gcoirp agus a ndroimeanna, a lámha agus a sciatháin, agus a rothaí lán de shúile thart timpeall - is é sin na rothaí a bhí ag an gceathrar.
13. Chuala mé rothaí rothlaim a thabhairt mar ainm ar na rothaí.
14. Bhí ceithre aghaidh ar gach ceann acu: aghaidh [daimh] ab ea an chéad aghaidh, aghaidh duine an dara ceann, aghaidh leoin an tríú ceann agus aghaidh iolair an ceathrú ceann.
15. D'éirigh na ceiribíní san aer: ba iad na dúile a chonaic mé ag an abhainn Ceabár.
16. Nuair a ghluaiseadh na ceiribíní, ghluaiseadh na rothaí lena n‑ais; agus nuair a spréadh na ceiribíní a sciatháin le héirí suas ón talamh, ní chlaonadh na rothaí (ó bheith lena n‑ais).
17. Nuair a stadaidís stadadh na rothaí fosta; nuair a d'éirídís ón talamh d'éirídís siúd ina gcuideachta; óir bhí spiorad na ndúl sna rothaí.
18. Tháinig glóir an Tiarna amach ó thairseach an Teampaill agus sheas os cionn na gceiribíní.