1. D'amharc mé ansin agus chonaic san fhirmimint os cionn chloigne na gceiribiní mar a bheadh saifír i riocht ríchathaoireach.
2. Dúirt sé leis an bhfear in éadach lín: “Imigh isteach idir na rothaí atá ag casadh thart faoi na ceiribíní; tóg mám d'aibhleoga as an tine atá idir na ceiribíní, agus scaip iad ar fud na cathrach.” Isteach leis agus mé ag amharc air.
3. Bhí na ceiribíní ina seasamh ar dheisceart an Teampaill ar dhul isteach don fhear; agus líonadh an chúirt inmheánach le néal.
4. D'éirigh glóir an Tiarna ó na ceiribíní go tairseach an tí; bhí an teach líonta leis an néal agus an chúirt lán de ghile ghlóir an Tiarna.
5. Bhí fuaim sciatháin na gceiribiní le clos fad leis an gcúirt sheachtrach, dála ghuth Dé Uilechumhachtaigh nuair a labhraíonn sé.