13. Agus dúirt Eistir: “Más toil leis an rí é, bíodh sé de chead ag na Giúdaigh i Súsa déanamh de réir reacht an lae inniu amárach chomh maith. Agus crochtar deichniúr mac Hámán ar an gcroch.”
14. D'ordaigh an rí go ndéanfaí amhlaidh agus eisíodh an reacht i Súsa, agus crochadh deichniúr mac Hámán.
15. Chruinnigh na Giúdaigh i Súsa le chéile ar an gceathrú lá déag de mhí Adár agus bhásaigh siad trí chéad fear i Súsa, ach gan lámh a leagan ar an gcreach.
16. Chruinnigh na Giúdaigh eile a bhí ag cur fúthu i gcúigí an rí lena n‑anam a chosaint agus fáil réidh lena naimhde. Chuireadar seachtó cúig míle dá n‑eascairde chun báis, ach níor leag siad lámh ar an gcreach.
17. Ba é sin an tríú lá déag de mhí Adár, agus cheapadar a suaimhneas ar an gceathrú lá déag agus rinne siad lá fleá agus aoibhnis de.