2. Agus fuarthas scríofa ann conas mar a sceith Mordacaí ar Bhigteán agus ar Theiris, beirt de choillteáin an rí a bhí i bhfeighil an dorais, agus a bheartaigh lámha a leagan ar an rí Aisiuéaróis.
3. “Cén gradam nó cén chéim a bronnadh ar Mhordacaí dá bharrsan?” d'fhiafraigh an rí. D'fhreagair na feidhmeannaigh a bhí ag freastal air: “Ní dhearnadh aon ní ar a shon.”
4. Ansin d'fhiafraigh an rí: “Cé tá ar dualgas sa chúirt?” Bhí Hámán faoin am sin tagtha isteach i gcúirt sheachtrach phálás an rí le hiarraidh ar an rí Mordacaí a chrochadh ar an gcroch a bhí gleasta aige féin dó.
5. D'fhreagair feidhmeannaigh an rí: “Tá Hámán ina sheasamh amuigh sa chúirt.” “Tugaigí isteach é!” arsan rí.
6. Tháinig Hámán isteach, más ea, agus dúirt an rí leis: “Céard ba chóir a dhéanamh leis an té ar mian leis an rí onóir a thabhairt do?” “Cé eile ach mise,” arsa Hámán leis féin, “ar mhian leis an rí onóir a thabhairt dó?”
7. Agus thug sé freagra dá réir sin ar an rí: “Más mian leis an rí onóir a thabhairt do dhuine,
8. cuirtear fios ar éide ríoga a chaith an rí agus ar each a bhí faoin rí leis an ornáid ríoga ar a cheann;
9. agus tugtar an éide ríoga agus an t‑each i lámha duine de na flatha is uaisle de mhuintir an rí; agus cóiríodh seisean an té is mian leis an rí a onórú agus seoladh sé ar mhuin an eich é trí fhaiche na cathrach agus fógra á thabhairt roimhe: ‘Seo mar a dhéanfar leis an té ar mian leis an rí é a onórú!’ ”
10. Ansin dúirt an rí le Hámán: “Déan deifir más ea anois agus beir leat an éide agus an t‑each, mar a dúirt tú, agus déan díreach mar a dúirt tú le Mordacaí an Giúdach a shuíonn ag geata an rí. Ná déan faillí in aon ní dá ndúirt tú.”