D'inis Hámán dá bhean Zeiris agus dá chairde gach ar bhain dó. Ansin dúirt a chairde agus a bhean Zeiris leis: “Baineadh tuisle asat, a bhuí le Mordacaí; má tharlaíonn sé go mbaineann sé leis an gcine Giúdach, ní bhfaighidh tú an ceann is fearr go brách air, ach titfidh tú agus titfidh tú arís go cinnte óir tá Dia beo lena ais.”