4. agus bíodh an mhaighdean is áil leis an rí ina banríon in áit Vaistí.” Thaitin an chomhairle sin leis an rí agus rinne sé dá réir.
5. Bhí an uair úd, i ndúnfort Shúsa, Giúdach darbh ainm Mordacaí mac Iáír, mac Shimeí, mac Chís, de threibh Bhiniáimin;
6. tugadh eisean chun siúil ó Iarúsailéim i measc na gcimí a thug Nabúcadnazar rí na Bablóine leis mar aon le Iachóiniá rí Iúdáia.
7. Thog sé Hadasá, Eistir is í sin, iníon deartháir athar leis, nuair a chaill sí a hathair agus a máthair; ba ainnir álainn sciamhach í agus ghabh Mordacaí chuige mar iníon í tar éis bháis dá hathair agus dá máthair.
8. Nuair a foilsíodh forógra an rí, cruinníodh mórán maighdean go dúnfort Shúsa agus cuireadh faoi chúram Héagai iad; tugadh Eistir freisin go pálás an rí agus cuireadh í faoi chúram Héagai, coimeádaí na mban;
9. thaitin an ainnir leis agus bhí dáimh aige léi. Ba ghairid an mhoill air cóir a maisithe agus a beatha a thabhairt di, agus seachtar ionailt tofa as teaghlach an rí; agus thug sé tosaíocht in áras na mban dise agus dá bantracht.
10. Níor nocht Eistir ámh cér díobh í ná cárbh as di ó dhúchas, óir d'ordaigh Mordacaí di gan sin a insint.
11. Théadh Mordacaí ag siúl gach lá os comhair cúirt na mban chun go bhfaigheadh sé amach conas a bhí ag Eistir nó cad a bhainfeadh di.