Eifisigh 5:29-32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

29. Ní raibh aon duine riamh a thug fuath dá cholainn féin; is amhlaidh a dhéanann sé í a chothú agus a chumhdach faoi mar a dhéanann Críost don Eaglais,

30. de bhrí gur baill dá chorp sinne.

31. “Mar sin de, fágfaidh duine a athair agus a mháthair chun bheith dlúth i bpáirt lena bhean agus aon cholainn amháin a bheidh sa bheirt acu.”

32. Is mór an rúndiamhair í seo, ach is á tagairt atáimse do Chríost agus don Eaglais.

Eifisigh 5