1. Mise Pól, aspal Íosa Críost de dheoin Dé ag beannú do na naoimh (in Eifeasas) atá dílis i gCríost.
2. Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia, ár nAthair, agus ón Tiarna Íosa Críost.
3. Moladh le Dia,le hAthair ár dTiarna Íosa Críost,a bhronn orainn, i gCríost,gach tabhartas spioradálta sna flaithis.
4. Roimh thúsú an domhainroghnaigh sé sinn i gCríostchun bheith naofa gan locht os a chomhair.
5. Le barr grá dúinnleag sé amach ó thúsde réir mhian a thola féingo mbeimisne inár gclann aige
6. trí Íosa Críost,i dtreo go molfaí an grásta as cuimsea roinn sé orainn go frasina Mhac muirneach.
7. Is sa Mhac sin,as ucht a chuid fola,atá ár bhfuascailt faighte againne,maithiúnas ár gcionta,
8. de réir iomadúlacht an ghrástaa roinn sé orainn go fial.Le teann eagna agus gaoise
9. nocht sé dúinn rún a thola -de réir an chuspóra a bhí leagtha amach aige ó thúslena chur i gcrích i gCríost,
10. nuair a bheadh an t‑ionú tagtha -mar atá, an beartasgach a bhfuil ar neamh agus ar talamha thabhairt le chéile faoi cheannas Chríost.
11. Mar is i gCríosta roghnaíodh sinne inár n‑oidhríagus a leagadh amach dúinn,de réir intinne an té úda oibríonn gach ní de réir chomhairle a thola féin,