1. Nuair a bhí an méid sin déanta tháinig na huachtaráin chugam agus dúirt: “Ní dhearna pobal Iosrael ná na sagairt ná na Léivítigh iad féin a dheighilt ó phobail na dtíortha atá báite i ngráiniúlachtaí - na Canánaigh, na Hitigh, na Pirizigh, na Iabúsaigh, na hAmónaigh, na Móábaigh, na hÉigiptigh agus na hAmóraigh -
2. ach fuair siad mná i measc na mban deoranta sin dóibh féin agus dá gclann mhac; tá an cine naofa cumasctha le bunadh na dtíortha; sa bheart fill seo, is iad na huachtaráin agus na feidhmeannaigh a bhí i dtús cadhnaíochta.”
3. Nuair a chuala mé an scéal seo, stróic mé mo chuid éadaigh agus m'fhallaing; stoith mé gruaig mo chinn agus m'fhéasóige, agus shuigh mé síos le barr anbhainne.
4. Agus gach n‑aon a chuir briathra Dé Iosrael ar ballchrith, chruinnigh siad i mo thimpeall toisc mídhílseacht seo na ndeoraithe a d'fhill. Ach maidir liomsa, bhí mé i mo shuí ansiúd in anbhainne go tráth íobairt an tráthnóna.
5. Um thráth íobairt an tráthnóna, d'éirigh mise, Eazrá, as an toirchim ina raibh mé, agus lig mé mé féin fúm ar mo ghlúine agus mo chuid éadaigh agus m'fhallaing stróicthe. Shín mé mo lámha amach chun an Tiarna mo Dhia
6. agus dúirt:“A Dhia, tá ceann faoi orm agus lasaim le náire agus m'aghaidh á tógáil chugat agam, a Dhia liom, mar méadaíodh ár gcoireanna nó go bhfuil siad níos airde ná ar gceann, agus carnadh suas ár bpeaca ionas go sroicheann sé na flaithis.
7. Ó laethanta ar sinsear i leith is mór í ár gciontacht; agus i ngeall ar ár n‑urchóidí tugadh sinn féin, ár ríthe agus ár sagairt, isteach i lámha ríthe tíortha eile, agus tugadh suas don chlaíomh sinn, don bhraighdeanas, don chreach agus don náire. Agus is amhlaidh atá an scéal inniu.
8. Ach anois, go tobann, tá an Tiarna ár nDia tar éis bheith fabhrach linn; d'fhág sé fuíoll áir againn agus thug sé tearmann dúinn ina áit naofa; sin mar a thug Dia cáil solais dár súile agus cáil faoisimh ónár mbraighdeanas.
9. Óir is daoir sinn. Mar sin féin ní dhearna Dia dearmad dínn inár ndaoirse, ach nocht sé a bhuanghrá inár leith i láthair ríthe na Peirse agus fuair sé cead dúinn Teampall ár nDé a atógáil agus caoi a chur ar a fhothracha agus chuir sé foscadh agus dídean ar fáil dúinn in Iúdá agus in Iarúsailéim.
10. Ach anois céard atá le rá againn, a Dhia, tar éis an chineáltais seo, agus gur thréigeamar d'aitheanta?
11. Na haitheanta a d'aithin tú trí do shearbhóntaí na fáithe á rá: ‘An tír ina bhfuil sibh ag dul le seilbh a ghabháil air, is tír é atá neamhghlan mar gur thruailligh na ciní dúchasacha é leis na gráiniúlachtaí lenar shalaigh siad é ó cheann ceann.