1. Tar éis na n‑imeachtaí sin, i réimeas Artaxarxaes rí na Peirse, ghabh Eazrá mac Sharáiá, mac Azairiá, mac Hilcíá,
2. mac Shealúm, mac Zádóc, mac Aichítiúb,
3. mac Amairiá, mac Mharáiót,
4. mac Zarachiá, mac Uizí, mac Bhucaí,
5. mac Aibíosúa, mac Phíneachás, mac Eileázár, mac Árón, an t‑ardsagart -
6. ghabh an fear seo Eazrá suas ón mBablóin. Ba scríobhaí é a bhí oilte ar dhlí Mhaois, an dlí a thug an Tiarna, Dia Iosrael. Thug an rí dó gach ar iarr sé mar bhí gnaoi a Dhé, an Tiarna, air go tréan.
7. Chuaigh líon áirithe Iosraelach, sagairt, Léivítigh, cantairí, gardaí geata, agus tíolacthaigh suas go Iarúsailéim sa seachtú bliain de réimeas Artaxarxaes rí.
8. Tháinig sé siúd go Iarúsailéim ar an gcúigiú mí; ba í an seachtú bliain de réimeas an rí í,