Eazrá 6:7-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. fágaigí faoi ghobharnóir Iúdá agus faoi sheanóirí na nGiúdach Teampall seo Dé a atógáil ar a sheanláthair.

8. Agus tugaim foláireamh daoibh gur mar seo a chúideoidh sibh le seanóirí na nGiúdach Teampall seo Dé a atógáil: díoltar an costas go hiomlán gan mhoill leis na fir seo as an gcáin ríoga, is é sin, as cíos an chúige thar Eofrataes.

9. Agus cibé rud a bheidh de dhíth orthu do na híobairtí dóite do Dhia neimhe - tairbh óga, reithí, uain, nó cruithneacht, salann, fíon, ola - tugtar dóibh é le haghaidh an lae, gan teip de réir mar a éileoidh sagairt Iarúsailéim,

10. i dtreo go n‑ofrálfaidís íobairtí taitneamhacha do Dhia neimhe agus go nguífidís fad saoil don rí agus dá chlann mhac.

11. Tá an reacht seo á dhéanamh agam chomh maith: má sháraíonn aon duine an forógra seo, déantar cearchaill a staitheadh as a theach, déantar é a chéasadh uirthi, agus déantar carn aoiligh dá theach.

Eazrá 6