1. Ar ordú an rí Dáire rinneadh cuardach sna cartlanna sa Bhablóin mar a raibh na cáipéisí i dtaisce;
2. agus fuarthas in Eacbatana, an dúnfort i gcúige na Méide, scrolla ar a raibh scríofa: “Cuntas:
3. Sa chéad bhliain de réimeas an rí Cíoras, thug Cíoras rí forógra: Teampall Dé in Iarúsailéim: Déantar an Teampall a atógáil mar áit ina n‑ofrálfar íobairtí agus ina dtabharfar ofrálacha [le dó]. Bíodh sé trí fichid banlámh ar fad agus trí fichid banlámh ar leithead.
4. Bíodh trí chúrsa de gharbhóga cloch ann, agus cúrsa adhmaid; íoctar an costas as ciste an rí.
5. Na soithí óir agus airgid, le Teampall Dé, a thóg Nabúcadnazar ón sanctóir in Iarúsailéim, agus a thug sé leis go dtí an Bhablóin, tugtar ar ais iad, i dtreo go ndéanfar gach ní a thabhairt ar ais go dtí an sanctóir in Iarúsailéim agus go gcuirfear isteach i dTeampall Dé arís iad.”
6. “Uime sin, a Thatanai, gobharnóir an chúige thar Eofrataes, a Sheatar Bózanaí agus sibhse a chomhghleacaithe leo, a fheidhmeannacha an chúige thar Eofrataes, imígí ón áit sin,
7. fágaigí faoi ghobharnóir Iúdá agus faoi sheanóirí na nGiúdach Teampall seo Dé a atógáil ar a sheanláthair.
8. Agus tugaim foláireamh daoibh gur mar seo a chúideoidh sibh le seanóirí na nGiúdach Teampall seo Dé a atógáil: díoltar an costas go hiomlán gan mhoill leis na fir seo as an gcáin ríoga, is é sin, as cíos an chúige thar Eofrataes.
9. Agus cibé rud a bheidh de dhíth orthu do na híobairtí dóite do Dhia neimhe - tairbh óga, reithí, uain, nó cruithneacht, salann, fíon, ola - tugtar dóibh é le haghaidh an lae, gan teip de réir mar a éileoidh sagairt Iarúsailéim,
10. i dtreo go n‑ofrálfaidís íobairtí taitneamhacha do Dhia neimhe agus go nguífidís fad saoil don rí agus dá chlann mhac.