Eazrá 5:7-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. chuireadar tuairisc chuige a ghabh mar leanas:Do Dháire rí! Síocháin!

8. Bíodh a fhios ag an rí go ndeachamar go críocha Iúdá, go Teampall Dé Mhóir; tá sé á thógáil de gharbhóga móra cloch, agus tá síleáil d'adhmad á cur leis na ballaí; tá an obair á déanamh le barr cáiréise, agus tá sí ag dul chun cinn le fuinneamh a ngéag.

9. Chuireamar ceist ar na seanóirí: “Cé a thug údarás daoibh an Teampall seo a thógail agus an tsaoireacht seo a dhéanamh?”

10. D'fhiafraíomar díobh freisin cad ab ainm dóibh le go mbeadh a fhios agat; ar an tslí sin d'éirigh linn liosta a dhéanamh den mhuintir atá ag maoirseacht ar an muintir sin.

11. Sé freagra a thug siad orainn: “Searbhóntaí do Dhia neimhe agus talún sinne; tá Teampall á atógáil againn a bhí ina sheasamh mórán blianta go dtí le déanaí; rí mór ar Iosrael a thóg agus a chríochnaigh é.

Eazrá 5