Eazrá 2:24-35 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

24. clann mhac Azmávat, daichead a dó;

25. clann mhac Chiriatáraím, Chipíreá agus Bhaerót, seacht gcéad daichead a trí;

26. clann mhac Rámá agus Gheaba, sé chéad fiche a haon;

27. fir Mhicmeás, céad fiche a dó;

28. fir Bhéitéil agus Háí, dhá chéad fiche a trí;

29. clann mhac Neabó, caoga a dó;

30. clann mhac Mhaigbís, céad caoga a sé;

31. clann mhac Éalám eile, míle dhá chéad caoga a ceathair;

32. clann mhac Háirim, trí chéad agus a fiche;

33. clann mhac Lod, Háidíd, agus Ónó, seacht gcéad fiche a cúig;

34. fir Ireachó, trí chéad daichead a cúig;

35. clann mhac Shaná, trí mhíle sé chéad agus a tríocha.

Eazrá 2