1. B'iad seo muintir an chúige a d'fhill ó dhaoirse agus ó dheoraíocht. Tar éis do Nabúcadnazar rí na Bablóine iad a dhíbirt go dtí an Bhablóin, d'fhilleadar go Iarúsailéim agus go Iúdá gach duine go dtí a bhaile féin.
2. Tháinig siad le Zarubáibil, Iéisiúa, Nihimiá, Saráiá, Raeláiá, Mordacaí, Bilseán, Miospár, Bigví, Rachúm, Báná.Liosta na bhfear de phobal Iosrael:
3. clann mhac Pharois, dhá mhíle céad seachtó a dó;
4. clann mhac Sheafaitiá, trí chéad seachtó a dó;
5. clann mhac Árach, seacht gcéad seachtó a cúig;
6. clann mhac Phachat Móáb, clann mhac Iéisiúa agus Ióáb, dhá mhíle ocht gcéad agus a dó dhéag;
7. clann mhac Éalám, míle dhá chéad agus a caoga ceathair;
8. clann mhac Zatú, naoi gcéad daichead a cúig;
9. clann mhac Zacái, seacht gcéad agus a seasca;
10. clann mhac Bháiní, sé chéad daichead a dó;
11. clann mhac Bhaebái, sé chéad fiche a trí;
12. clann mhac Azgád, míle dhá chéad fiche a dó;
13. clann mhac Adoiníceám, sé chéad a seasca a sé;
14. clann mhac Bhigví, dhá mhíle caoga a sé;
15. clann mhac Áidín, ceithre chéad caoga a ceathair;
16. clann mhac Átaer, Hiziciá is é sin, naocha a hocht;
17. clann mhac Bhaezái, trí chéad tríocha a trí;