5. Ansin cinn fine Iúdá agus Bhiniáimin, na sagairt agus na Léivítigh, agus go deimhin gach aon duine dár spreag Dia an spiorad iontu, chuireadar chun imeachta chun Teampall an Tiarna a atógáil in Iarúsailéim.
6. Chabhraigh a gcomharsana leo ar gach bealach le hairgead, le hór, le maoin, le heallach agus le tabhartais luachmhara, agus le hofrálacha deonacha de gach sórt.
7. Thóg Cíoras rí amach soithí Theampall an Tiarna a thug Nabúcadnazar leis ó Iarúsailéim agus a thíolaic sé do theampall a dhé.
8. Chuir Cíoras rí na Peirse iad i lámha Mhitreadát an cisteoir, agus chomhair seisean amach do Shéisbeazar flaith Iúdá iad.
9. Seo é a líon: míle mias óir, míle mias airgid, naoi dtúisteán fichead,
10. deich mbáisín fichead óir, ceithre chéad agus a deich mbabhla airgid agus míle soitheach eile.
11. Ba é líon na soithí go léir d'ór agus d'airgead ná cúig mhíle ceithre chéad [seasca a naoi]. Thug Séisbeazar an t‑iomlán sin ar fad leis nuair a d'fhill na deoraithe ar ais ón mBablóin go Iarúsailéim.