Eaxodus 8:10-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. “Amárach,” ar seisean. “Bíodh mar a deir tú,” arsa Maois, “i dtreo go mbeadh a fhios agat nach bhfuil aon neach mar an Tiarna ar nDia.

11. Imeoidh na froganna uait féin agus ó do thithe agus ó do sheirbhísigh agus ó do phobal; ní fhágfar iad ach sa Níl.”

12. Ghabh Maois agus Árón amach ó láthair Fhorainn agus rinne Maois achainí chun an Tiarna i dtaobh na bhfroganna a sheol sé sa mhullach ar Fhorann.

13. Rinne an Tiarna de réir mar d'iarr Maois; cailleadh na froganna sna tithe, sna clóis, agus sna machairí.

14. Bailíodh le chéile ina gcruacha iad agus bhí an talamh bréan acu.

15. Ach a luaithe a tuigeadh d'Fhorann go raibh cairde faighte aige, chruaigh sé a chroí agus, mar a dúirt an Tiarna, ní thabharfadh sé cluas dóibh.

16. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Abair le hÁrón: ‘Sín amach do shlat os cionn luaithreach na talún i dtreo go ndéanfar corrmhíola de ar fud chríocha na hÉigipte go léir.’ ”

17. Rinneadar amhlaidh: shín Árón amach a lámh leis an tslait agus bhuail luaithreach na talún agus luigh corrmhíola ar an duine agus ar an mbeithíoch; rinneadh corrmhíola de luaithreach uile na talún ar fud chríocha na hÉigipte go léir.

18. Rinne na draíodóirí iarracht, le barr draíochta, corrmhíola a dhéanamh, ach chuaigh díobh. Tháinig na corrmhíola ar an duine agus ar an mbeithíoch.

19. Agus dúirt na draíodóirí le Forann: “Lámh Dé é seo!” Ach chruaigh croí Fhorainn agus, mar a dúirt an Tiarna, ní thabharfadh sé cluas dóibh.

Eaxodus 8