Eaxodus 8:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ansin labhair an Tiarna le Maois: “Imigh isteach go Forann agus abair leis mar seo: ‘Mar seo a deir an Tiarna: Lig do mo phobal imeacht i dtreo go ndéanfaidh siad íobairt dom.

2. Ach má dhiúltaíonn tú ligean dóibh imeacht, féach cuirfidh mé brat froganna mar phlá ar do chríocha go léir.

3. Beidh an Níl ar snámh le froganna; tiocfaidh siad suas isteach i do theach agus i do sheomra leapa agus i dtithe do shearbhóntaí agus do mhuintire, isteach i do oighinn agus i do losaidí.

4. Siúlfaidh siad aníos ort féin agus ar do mhuintir, ar do shearbhóntaí go léir.’ ”

5. Dúirt an Tiarna le Maois: “Abair le hÁrón: ‘Sín amach do lámh agus an tslat inti os cionn na n‑aibhneacha, os cionn na gcanálacha agus os cionn na linnte agus tabhair froganna thar chríocha na hÉigipte.’ ”

6. Agus shín Árón a lámh os cionn uiscí na hÉigipte agus tháinig na froganna aníos agus chlúdaíodar talamh na hÉigipte go léir.

7. Ach rinne na draíodóirí mar an gcéanna le barr draíochta agus thugadar froganna ar thalamh na hÉigipte.

8. Ansin ghlaoigh Forann ar Mhaois agus ar Árón agus dúirt: “Iarraigí ar an Tiarna na froganna a thógáil díomsa agus de mo mhuintir agus ligfidh mise don phobal dul agus íobairt a dhéanamh don Tiarna.”

9. Dúirt Maois le Forann: “Bíodh an chaoi seo agat chun breith amuigh orm! Nuair a ghuífidh mé ar do shonsa agus ar son do shearbhóntaí agus ar son do phobail cén uair atá le socrú agam chun na froganna a imeacht uaitse agus ó do phobal agus ó do thithe agus iad a fhagáil sa Níl amháin?”

10. “Amárach,” ar seisean. “Bíodh mar a deir tú,” arsa Maois, “i dtreo go mbeadh a fhios agat nach bhfuil aon neach mar an Tiarna ar nDia.

11. Imeoidh na froganna uait féin agus ó do thithe agus ó do sheirbhísigh agus ó do phobal; ní fhágfar iad ach sa Níl.”

Eaxodus 8