5. Agus tabharfar le fios do na hÉigiptigh go léir gur mise an Tiarna nuair a shínfidh mé mo lámh in aghaidh na hÉigipte agus a thabharfaidh mé clann Iosrael amach óna measc.”
6. Rinne Maois agus Árón amhlaidh; rinneadar gach a ndúirt an Tiarna leo.
7. Bhí Maois ceithre fichid bliain d'aois agus Árón trí bliana agus ceithre fichid nuair a labhraíodar le Forann.
8. Dúirt an Tiarna le Maois agus le hÁrón:
9. “Nuair a déarfaidh Forann libh: ‘Déanaigí míorúilt mar chruthúnas oraibh féin,’ ní foláir duitse a rá le hÁrón: ‘Tóg do shlat agus caith síos ansiúd ar bhéala Fhorainn í agus déantar nathair nimhe di.’ ”
10. Chuaigh Maois agus Árón dá bhrí sin go Forann agus rinneadar mar a d'ordaigh an Tiarna dóibh. Chaith Árón a shlat síos ar bhéala Fhorainn agus a shearbhóntaí agus rinneadh nathair nimhe di.