Eaxodus 6:9-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Labhair Maois amhlaidh sin le clann Iosrael, ach thugadar an chluas bhodhar dó le heaspa misnigh agus le crá na daoirse.

10. Ansin dúirt an Tiarna le Maois:

11. “Isteach leat! Abair le Forann, rí na hÉigipte, a ligean do chlann Iosrael dul óna thír amach.”

12. Ach labhair Maois agus dúirt le béal an Tiarna: “Féach murar éist clann Iosrael liom, conas, más ea, a éistfidh Forann liom agus tutbhéalaíocht orm?”

13. Ach labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón agus d'ordaigh sé dóibh araon dul go Forann, rí na hÉigipte, agus clann Iosrael a thabhairt amach as tír na hÉigipte.

14. Seo leanas cinn a dteaghlaigh. Clann mhac Reúbaen, céadghin Iosrael: Hanóc agus Palú agus Haezron agus Cairmi; sin iad sliocht Reúbaen.

15. Clann Shimeon: Iamúél agus Iáimín agus Óhad agus Iáicín agus Zochar agus Seáúl mac mná Canánaí: sin iad sliocht Shimeon.

16. Seo iad ainmneacha chlann Léiví de réir a nginealach: Géirseon agus Cohát agus Maráraí. Bhí céad agus a daichead a seacht mbliana d'fhad saoil ag Léiví.

17. Clann mhac Ghéirseon: Libní agus Simí de réir a gclann.

18. Agus seo iad clann mhac Chohát: Amrám agus Izeár, Heabrón agus Uizíéil. Bhí céad agus a tríocha trí bliana d'fhad saoil ag Cohát.

19. Seo iad clann mhac Mhararaí: Mailí agus Múisí. Sin iad sliocht Léiví de réir a nginealach.

20. Ghabh Amrám Iócabad deirfiúr a athar mar bhean agus rug sí Árón agus Maois dó. Bhí céad agus a tríocha seacht mbliana d'fhad saoil ag Amrám.

21. Seo iad clann mhac Izeár: Corach agus Neifig agus Zicrí.

22. Clann mhac Uizíél: Míseáél agus Ealzáfán agus Sitrí.

23. Phós Árón Eilíseaba iníon Amaíneádáb, deirfiúr Naiseon; agus rug sí dó Nádáb agus Aibíchiú, Eileázár agus Íteámár.

24. Seo iad clann Chorach: Aisír agus Ealcáná agus Aibíásáf; sin iad sliocht na gCorachach.

25. Eileázár mac Árón ghabh sé iníon Phúitíél mar bhean agus rug sí Pineachás dó. Sin iad ceapa clanna na Léivíteach de réir a dteaghlach.

Eaxodus 6