Eaxodus 6:20-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. Ghabh Amrám Iócabad deirfiúr a athar mar bhean agus rug sí Árón agus Maois dó. Bhí céad agus a tríocha seacht mbliana d'fhad saoil ag Amrám.

21. Seo iad clann mhac Izeár: Corach agus Neifig agus Zicrí.

22. Clann mhac Uizíél: Míseáél agus Ealzáfán agus Sitrí.

23. Phós Árón Eilíseaba iníon Amaíneádáb, deirfiúr Naiseon; agus rug sí dó Nádáb agus Aibíchiú, Eileázár agus Íteámár.

24. Seo iad clann Chorach: Aisír agus Ealcáná agus Aibíásáf; sin iad sliocht na gCorachach.

25. Eileázár mac Árón ghabh sé iníon Phúitíél mar bhean agus rug sí Pineachás dó. Sin iad ceapa clanna na Léivíteach de réir a dteaghlach.

26. Siúd iad an tÁrón agus an Maois a ndúirt an Tiarna leo: “Tabhair clann Iosrael as tír na hÉigipte ina sluaite faoi eagar.”

27. Iadsan, an Maois céanna seo agus an tÁrón céanna, a labhair le Forann, rí na hÉigipte, faoi chlann Iosrael a thabhairt amach as an Éigipt.

28. An lá a labhair an Tiarna le Maois i dtír na hÉigipte,

29. dúirt sé leis mar leanas: “Mise an Tiarna. Abair le Forann, rí na hÉigipte, a bhfuil á rá agam leat.”

30. Ach dúirt Maois le béal an Tiarna: “Tá tutbhéalaíocht orm. Conas mar sin go n‑éisteodh Forann liomsa?”

Eaxodus 6