1. Ach dúirt an Tiarna le Maois: “Feicfidh tú anois féin céard a dhéanfaidh mise le Forann. Le láimh láidir, sea le láimh láidir, a chaithfidh sé ligean dóibh imeacht as a thír.”
2. Labhair Dia le Maois: “Mise an Tiarna.
3. Thaispeánas mé féin d'Abrahám, d'Íosác, agus do Iacób faoin ainm ‘Dia Uilechumhachtach’; ach níor chuireas mé féin in aithne dóibh faoi m'ainm féin ‘an Tiarna.’
4. Dhaingnigh mé mo chonradh leo go dtabharfainn dóibh tír Chanán, an tír ina rabhadar ina ndeoraithe.
5. D'éist mé chomh maith le cneadaíl chlann Iosrael atá i ndaoirse ag na hÉigiptigh agus chuimhnigh mé ar mo chonradh.
6. Abair dá bhrí sin le clann Iosrael: ‘Mise an Tiarna. Déanfaidh mé sibh a fhuascailt ó na hualaí a leagann na hÉigiptigh oraibh agus saorfaidh mé sibh ó dhaoirse fúthu; agus fuasclóidh mé sibh le láimh ar tinneall agus le hollbhearta breithiúnais.
7. Glacfaidh mé chugam féin sibh mar phobal liom agus beidh mise agaibh mar Dhia. Beidh a fhios agaibh ansin gur mise an Tiarna bhur nDia, a d'fhuascail sibh ó ualaí na nÉigipteach.
8. Agus seolfaidh mé sibh isteach sa tír a gheall mé a thabhairt d'Abrahám, agus d'Íosác agus do Iacób; tabharfaidh mé daoibh é mar shealús. Mise an Tiarna.’ ”
9. Labhair Maois amhlaidh sin le clann Iosrael, ach thugadar an chluas bhodhar dó le heaspa misnigh agus le crá na daoirse.
10. Ansin dúirt an Tiarna le Maois:
11. “Isteach leat! Abair le Forann, rí na hÉigipte, a ligean do chlann Iosrael dul óna thír amach.”
12. Ach labhair Maois agus dúirt le béal an Tiarna: “Féach murar éist clann Iosrael liom, conas, más ea, a éistfidh Forann liom agus tutbhéalaíocht orm?”
13. Ach labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón agus d'ordaigh sé dóibh araon dul go Forann, rí na hÉigipte, agus clann Iosrael a thabhairt amach as tír na hÉigipte.
14. Seo leanas cinn a dteaghlaigh. Clann mhac Reúbaen, céadghin Iosrael: Hanóc agus Palú agus Haezron agus Cairmi; sin iad sliocht Reúbaen.
15. Clann Shimeon: Iamúél agus Iáimín agus Óhad agus Iáicín agus Zochar agus Seáúl mac mná Canánaí: sin iad sliocht Shimeon.
16. Seo iad ainmneacha chlann Léiví de réir a nginealach: Géirseon agus Cohát agus Maráraí. Bhí céad agus a daichead a seacht mbliana d'fhad saoil ag Léiví.