1. Ansin chuaigh Maois agus Árón go Forann agus dúirt leis: “Seo mar a deir an Tiarna Dia Iosrael: ‘Lig do mo phobal imeacht go ndéanfaidh siad ceiliúradh domsa san fhásach.’ ”
2. Ach dúirt Forann: “Cé hé an Tiarna seo go n‑éistfinnse lena ghlór agus Iosrael a ligean chun siúil? Táim dall ar an Tiarna agus ní ligfidh mé Iosrael chun siúil.”
3. “Tháinig Dia na nEabhrach an treo chugainn,” ar siad; “tabhair cead dúinn aistear trí lá a dhéanamh isteach san fhásach chun íobairt a dhéanamh don Tiarna ár nDia le heagla go dtiocfadh sé sa mhullach orainn le plá nó le faobhar claímh.”
4. Dúirt rí na hÉigipte leo: “A Mhaois agus a Árón, cad chuige daoibh an pobal a bhreith óna saothar. Téigí i mbun bhur gcuid oibre!”
5. Agus lean Forann air: “Seo iad pobal na tíre dulta i líonmhaire agus an áil libh saoire a thabhairt dóibh ona saothar?”
6. An lá ceannann céanna sin thug Forann ordú do shaoistí saothair an phobail agus do na maoir:
7. “Ná tugaigí tuí don phobal feasta chun na brící a dhéanamh, rud a dhéanadh sibh - téidís agus cruinnídís tuí dóibh féin.
8. Ach an líon brící a dhéanaidís go dtí seo, bíodh sin de thasc agaibh orthu, gan aon laghdú ar bith air. Díomhaointeas atá orthu; uime sin a ghlaonn siad: ‘Téanaigí agus déanaimis íobairt chun ár nDé.’
9. Cuirtear breis oibre ar na fir seo i dtreo go gcaithfidh siad luí léi agus gan a bheith ag cur spéise i mbriathra baotha.”
10. Chuaigh saoistí saothair an phobail agus na maoir amach agus dúradar leis an bpobal: “Seo mar a deir Forann: ‘Ní thabharfaidh mé tuí daoibh.
11. Imígí féin agus cruinnígí tuí daoibh féin cibé áit ina mbeidh fáil agaibh uirthi. Ach ní lúide aon phioc bhur dtasc an méid sin.’ ”