Eaxodus 40:36-38 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

36. Gach céim dá n‑aistear, aon uair a ardaítí an néal ón taibearnacal, chuireadh clann Iosrael chun siúil arís.

37. Mura n‑ardófaí an néal, d'fhanaidís gan bogadh ar aghaidh go dtí go ndéanfaí.

38. Óir luíodh néal an Tiarna ar an taibearnacal sa lá, agus bhíodh tine ar lasadh ann san oíche, agus sin le feiceáil ag teaghlach Iosrael go léir, gach céim dá n‑aistear.

Eaxodus 40