Eaxodus 4:18-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. D'imigh Maois agus ar ais leis go Iatró, athair a chéile, agus dúirt leis: “An bhfuil cead agam, le do thoil, filleadh ar mo mhuintir san Éigipt féachaint an beo dóibh i gcónaí?” Agus dúirt Iatró le Maois: “Imigh faoi shíocháin.”

19. Agus dúirt an Tiarna le Maois i Midián: “Imigh ort ar ais go dtí an Éigipt; an mhuintir go léir a bhí ar do thí chun do mharaithe tá siad tar éis bháis.”

20. Thóg Maois leis a bhean agus a mhac agus chuir ar muin asail iad agus ar ais leis chun na hÉigipte. Thug Maois slat Dé leis ina láimh.

21. Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Nuair a fhillfidh tú ar an Éigipt, féach chuige go ndéanfaidh tú os comhair Fhorainn na miorúiltí go léir a chuir mé ar do chumas; ach cruafaidh mise an croí ann i dtreo nach scaoilfidh sé leis an bpobal.

22. Agus déarfaidh tú le Forann: ‘Mar seo a deir an Tiarna: Iosrael mo chéadghin.

23. Dúirt mé leat mo mhac a ligean chun siúil chun íobairt a dhéanamh dom. Ní toil leat é a ligean chun siúil. Maróidh mé do chéadghin! Sin é agat é!’ ”

24. San aistear dó tháinig an Tiarna an treo chuige mar a raibh sé ag cur faoi ar feadh na hoíche agus thug sé iarracht ar é a mharú.

25. Ansin thóg Zipiorá breochloch agus bhain an forchraiceann dá mac agus chuir sí le baill ghiniúna Mhaois é: “Is fear fuilteach agam thú, is ea sin,” ar sí leis.

26. Lig sé dó ansin. Is ansin is ea a dúirt sí “fear fuilteach thú” de bharr an timpeallghearrtha.

27. Dúirt an Tiarna le hÁrón: “Imigh isteach san fhásach i gcoinne Mhaois.” Agus d'imigh sé agus bhuail leis ag sliabh Dé agus phóg é.

28. Agus d'inis Maois d'Árón a ndúirt an Tiarna leis agus é a sheoladh uaidh agus na comharthaí go léir a d'ordaigh sé dó a dhéanamh.

29. Ar aghaidh le Maois agus Árón ansin agus chruinníodar seanóirí chlann Iosrael go léir le chéile.

Eaxodus 4