24. Gach duine a d'fhéad ofráil airgid nó chré-umha a dhéanamh, thugadar chun an Tiarna iad mar ofráil; agus gach duine dár tharla aige adhmad sitím d'aon tairbhe don obair, thug sé leis é;
25. gach bean le héirim, d'fhíodar lena lámha, agus thugadar leo a raibh fite acu d'ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de línéadach mín cas;
26. gach bean a raibh sé de chroí is d'éirim inti, luíodar le fí an fhionnadh gabhair;
27. agus thug na ceannairí clocha oinisce agus seoda le luí san éafód agus sa lúireach,
28. agus spíosraí agus ola don solas agus don chriosma agus don túis chumhra;
29. na fir agus na mná go léir a raibh sé de chroí acu rud éigin a thabhairt don obair a d'ordaigh an Tiarna trí Mhaois a dhéanamh, thugadar - clann Iosrael - é mar ofráil don Tiarna le lántoil.
30. Agus dúirt Maois le clann Iosrael: “Féach! roghnaigh an Tiarna ó ainm Bazalael mac Úirí mac Húr de threibh Iúdá.
31. Líon sé é le spiorad Dé, le cumas agus le héirim, le heolas agus le gach sórt ceardaíochta,
32. i gcomhair deartha ealaíonta agus saothair in ór agus in airgead agus i gcré-umha,
33. i gcomhair seoda a ghearradh dá leaba, adhmad a shnoí, agus gach sórt saothar ceirde.
34. Agus bhronn sé bua teagaisc airsean agus ar Ohoilíáb mac Aichíosámác de threibh Dhán.
35. Líon sé iad le héirim chun gach sórt saothair a dhéanamh a dhéanfadh ceardaí, nó dearaí, nó bróidnéir in ábhar gorm agus corcra agus craorag agus línéadach mín cas, nó fíodóir nó aon sórt saothraí nó dearaí oilte.”