5. Nuair chonaic Árón an méid sin, thóg sé altóir os a chomhair, agus rinne sé forógra: “Lá féile don Tiarna an lá amárach!”
6. D'éiríodar go moch arna mhárach dá bhrí sin agus d'ofráladar íobairtí loiscthe agus thugadar leo íobairtí síochána; ansin shuigh an pobal uile chun bia agus dí, agus d'éiríodar chun scléipe.
7. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Síos leat! óir an pobal sin agat a thug tú amach as tír na hÉigipte, thruaillíodar iad féin.
8. Is luath atá siad imithe i leataobh ón mbealach a d'ordaigh mé dóibh; rinneadar lao de mhiotal leáite dóibh féin agus d'adhradar é agus rinneadar íobairt dó, agus liúdar: ‘Seo é do dhia, a Iosrael, a thug thú amach as tír na hÉigipte.’ ”
9. “Is léir dom,” arsa an Tiarna le Maois, “a cheanndáine mar phobal an pobal seo!
10. Lig dom anois más ea agus lasfaidh m'fhearg go dian ina gcoinne á ndísciú; tusa ámh, déanfaidh mé náisiún mór díot.”
11. Ach chrom Maois ar ghuí chun an Tiarna a Dhia: “A Thiarna,” ar sé, “cén fáth go lasfadh do fhearg go dian i gcoinne do phobail féin, an pobal a thug tú amach as tír na hÉigipte le mórchumhacht agus le láimh thréan?
12. Cén fáth é a thabhairt le rá do na hÉigiptigh: ‘I bhfeall a rug sé amach iad, d'fhonn iad a mharú sna sléibhte agus iad a scrios de chlar na cruinne’? Scaoil uait d'fhearg chuthaigh, agus scoir den drochíde seo a thabhairt ar do phobal.