Eaxodus 32:4-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Ghlac seisean an t‑ór óna lámha, agus, le cabhair múnla, leáigh sé é agus theilg sé dealbh lao. “Seo é do dhia, a Iosrael,” ar siad de liú, “a thug thú amach as tír na hÉigipte!”

5. Nuair chonaic Árón an méid sin, thóg sé altóir os a chomhair, agus rinne sé forógra: “Lá féile don Tiarna an lá amárach!”

6. D'éiríodar go moch arna mhárach dá bhrí sin agus d'ofráladar íobairtí loiscthe agus thugadar leo íobairtí síochána; ansin shuigh an pobal uile chun bia agus dí, agus d'éiríodar chun scléipe.

7. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Síos leat! óir an pobal sin agat a thug tú amach as tír na hÉigipte, thruaillíodar iad féin.

8. Is luath atá siad imithe i leataobh ón mbealach a d'ordaigh mé dóibh; rinneadar lao de mhiotal leáite dóibh féin agus d'adhradar é agus rinneadar íobairt dó, agus liúdar: ‘Seo é do dhia, a Iosrael, a thug thú amach as tír na hÉigipte.’ ”

9. “Is léir dom,” arsa an Tiarna le Maois, “a cheanndáine mar phobal an pobal seo!

10. Lig dom anois más ea agus lasfaidh m'fhearg go dian ina gcoinne á ndísciú; tusa ámh, déanfaidh mé náisiún mór díot.”

11. Ach chrom Maois ar ghuí chun an Tiarna a Dhia: “A Thiarna,” ar sé, “cén fáth go lasfadh do fhearg go dian i gcoinne do phobail féin, an pobal a thug tú amach as tír na hÉigipte le mórchumhacht agus le láimh thréan?

Eaxodus 32