18. D'fhreagair Maois é agus dúirt:“Ní gáir chaithréime an gháir seo,Ná olagón cloíte an gháir seo;Glór cantaireachta is ea a chluinim.”
19. Nuair a dhruid sé leis an gcampa agus go bhfaca sé an lao agus an rince, las fearg Mhaois, agus chaith sé na leaca uaidh as a lámha agus bhris iad ag bun an tsléibhe.
20. Rug sé greim ar an lao a bhí déanta acu agus loisc é, agus mheil é ina phúdar agus leath ar an uisce é agus chuir d'iallach ar chlann Iosrael é a ól.
21. Dúirt Maois le hÁrón: “Cad a rinne an pobal seo leat a rá is go dtug tú peaca chomh mór sin sa mhullach orthu?”
22. D'fhreagair Árón: “Ná bíodh d'fhearg, a thiarna, ar dearglasadh. Is eol duit a chlaonta chun an oilc atá an pobal seo.
23. Dúradar liom: ‘Déan dia dúinn le gabháil romhainn amach; Maois seo againn, an fear a thug sinn amach as tír na hÉigipte, ní eol dúinn cad a d'imigh air.’
24. Dúirt mé leo dá bhrí sin: ‘An té a bhfuil ór aige, baineadh sé anuas de féin é,’ agus thugadar chugam é. Chaith mé san fhoirnéis é agus tháinig an lao seo amach.”
25. Nuair a chonaic Maois go raibh an pobal imithe chomh mór sin ó smacht - óir lig Árón dóibh titim in íoladhradh agus a naimhde ina dtimpeall -
26. sheas sé ag geata an champa agus dúirt: “Cé tá ar thaobh an Tiarna? Tagadh sé chugamsa!” agus chruinnigh clann Léiví go léir chuige.
27. Agus dúirt sé leo: “Seo mar a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Gabhadh gach fear díbh a chlaíomh lena ais, agus téadh sé sall agus anall ó gheata go geata ar fud an champa; agus maraíodh fear a dheartháir, fear eile a chomrádaí, fear eile a chomharsa.’ ”
28. Rinne clann Léiví de réir mar a dúirt Maois leo, agus thit timpeall trí mhíle fear den phobal an lá úd.
29. Agus dúirt Maois: “Inniu rinneabhair sibh féin a oirniú do sheirbhís an Tiarna, fear ag díol as lena mhac, fear eile lena dheartháir; dáileann sé beannacht oraibh inniu dá bhrí sin.”
30. Lá ar na mhárach dúirt Maois leis an bpobal: “Rinne sibh peaca trom; ach rachaidh mise suas anois chun an Tiarna: b'fhéidir go n‑éireodh liom leorghníomh a dhéanamh in bhur bpeaca.”
31. Agus d'fhill Maois ar an Tiarna. “Mo bhrón,” ar sé, “rinne an pobal seo peaca trom trí dhia óir a dhéanamh.
32. Ach anois dá mba áil leat an peaca seo dá gcuid a mhaitheamh...! Ach mura ndéanann tú, ansin, impím ort, scrios mise as an leabhar atá scríofa agat.”
33. Ach d'fhreagair an Tiarna Maois: “An té a pheacaigh i m'aghaidh is ea a scriosfaidh mé as mo leabhar.
34. Imigh anois, agus treoraigh an pobal chun na háite a dúirt mé leat; féach! rachaidh m'aingeal romhat amach; ach ar lá an fhiosraithe agam, déanfaidh mé a bpeaca a dhíolt orthu.”
35. Agus sheol an Tiarna plá ar an bpobal de bharr an lao, a rinne Árón, a dhéanamh.