8. an bord agus a ghréithe, an coinnleoir glan lena ghréithe uile, altóir na túise,
9. agus altóir na hofrála loiscthe lena gréithe go léir, agus an t‑umar gona bhonn,
10. agus na héidí dea-mhaisithe - na héidí naofa d'Árón an sagart agus na héidí dá mhic - i gcomhair a seirbhísí sagairt,
11. agus an criosma agus an túis chumhra don áit naofa. Déanfaidh siad gach ar ordaigh mé duit.”
12. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
13. “Labhair le clann Iosrael agus abair: ‘Coimeádaigí mo shabóidí óir is comhartha idir mise agus sibhse an tsabóid ó ghlúin go glúin i dtreo go mbeadh a fhios agaibh gur mise, an Tiarna, a naomhaíonn sibh.
14. Ní foláir daoibh an tsabóid a choimeád, dá réir sin; bíodh sí naofa agaibh. An té a bhriseann í, cuirfear chun báis é; aon duine a dhéanann saothar ar an tsabóid, déanfar é a ionnarbadh óna phobal.
15. Beidh obair á déanamh ar feadh sé lá, ach ní foláir an seachtú lá a choimeád ina lá saoire ar fad, sabóid choisricthe don Tiarna. An té a dhéanann obair ar an tsabóid, ní foláir é a chur chun báis.
16. Coimeádfaidh clann Iosrael an tsabóid, á cleachtadh ó ghlúin go glúin, mar chonradh síoraí.
17. Is comhartha í go brách, idir mé agus clann Iosrael, go ndearna an Tiarna neamh agus talamh i sé lá, ach ar an seachtú lá gur scoir sé agus gur lig a scíth.’ ”
18. Nuair a bhí deireadh ráite aige le Maois ar Shliabh Shíonái, thug sé do Mhaois dhá chlár na Fianaise, leaca cloiche ar ar scríobhadh le méar Dé.