Eaxodus 30:22-38 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

22. Lean an Tiarna air agus dúirt le Maois:

23. “Tóg togha na spíosraí: cúig chéad seicil de mhiorr leachtach, a leath sin - dhá chéad go leith, is é sin - de chainéal cumhra, agus dhá chéad go leith de ghiolcach dhea-bholaidh,

24. agus cúig chéad seicil - de réir tomhais sheicil an tsanctóra - de chaisia, agus hín d'ola ológ.

25. Agus den méid sin déanfaidh tú criosma naofa, á chumasc mar a dhéanfadh poitigéir; criosma naofa a bheidh ann.

26. Agus déanfaidh tú Both na Teagmhála agus áirc na Fianaise a ungadh leis,

27. agus, mar an gcéanna, an bord agus a ghréithe go léir, an coinnleoir agus a ngabhann leis, altóir na túise,

28. agus altóir na hofrála loiscthe lena gréithe go léir, agus an t‑umar gona bhonn.

29. Déanfaidh tú iad a choisreacan d'fhonn go mbeidís sárnaofa; aon ní a bhaineann leo, beidh sé naofa.

30. Déanfaidh tú Árón agus a mhic a ungadh, agus a choisreacan, go bhfónfaidís dom mar shagairt.

31. Déarfaidh tú le clann Iosrael: ‘Beidh sé seo agaibh mar chriosma naofa liom ó ghlúin go glúin.

32. Ní dhéanfar é a dhoirteadh ar cholainn tuataí ná ní dhéanfaidh sibh aon ola eile den aonchumasc leis; tá sé naofa agus beidh sé naofa agaibhse.

33. Aon duine a dhéanfaidh cumasc mar é nó a chuirfidh aon bhraon de ar choimhthíoch, déanfar é a ionnarbadh óna phobal.’ ”

34. Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Tóg spíosraí milse: stórax agus oiniceá agus galbanum agus spíosraí cumhra agus túis ghlan - an oiread céanna de gach ceann -

35. agus suaigh túis íon naofa á cumasc mar a dhéanfadh poitigéir, agus ag cur salainn inti.

36. Meil cuid di go mín mín agus cuir cuid di seo os comhair na Fianaise i mBoth na Teagmhala, mar a dteagmhóidh mé leat; beidh sí sárnaofa agaibh.

37. Ní dhéanfaidh sibh daoibh féin aon túis den chumasc céanna léi siúd atá le déanamh agat; bíodh sí naofa don Tiarna agat.

38. Aon duine a dhéanfaidh a macasamhail le húsáid mar chumhrán, déanfar é a ionnarbadh óna phobal.”

Eaxodus 30