Eaxodus 30:16-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Agus airgead seo na héirice, a gheobhaidh tú ó chlann Iosrael, cuirfidh tú é chun tairbhe seirbhíse Bhoth na Teagmhála; agus déanfaidh sé clann Iosrael a chur i gcuimhne don Tiarna, agus beidh sé mar fhuascailt ar bhur n‑anamacha.”

17. Labhair an Tiarna le Maois agus is é a dúirt:

18. “Déanfaidh tú umar cré-umha leis ar bhonn cré-umha, mar shás ionlaithe. Agus cuirfidh tú é idir Bhoth na Teagmhála agus an altóir, agus cuirfidh tú uisce ann,

19. lena bhféadfadh Árón agus a chlann mhac a lámha is a gcosa a ionladh.

20. Nuair a bheidh siad ag dul isteach i mBoth na Teagmhála, nó ag dul i gcóngar na haltóra chun fónaimh le hofráil a loscadh le tine don Tiarna, déanfaidh siad iad féin a ionladh le huisce, le heagla an bháis.

21. Déanfaidh siad a lámha agus a gcosa a ionladh le heagla an bháis; beidh sé sin mar reacht acu go brách, ag Árón agus ag a shliocht ó ghlúin go glúin.”

22. Lean an Tiarna air agus dúirt le Maois:

23. “Tóg togha na spíosraí: cúig chéad seicil de mhiorr leachtach, a leath sin - dhá chéad go leith, is é sin - de chainéal cumhra, agus dhá chéad go leith de ghiolcach dhea-bholaidh,

24. agus cúig chéad seicil - de réir tomhais sheicil an tsanctóra - de chaisia, agus hín d'ola ológ.

25. Agus den méid sin déanfaidh tú criosma naofa, á chumasc mar a dhéanfadh poitigéir; criosma naofa a bheidh ann.

26. Agus déanfaidh tú Both na Teagmhála agus áirc na Fianaise a ungadh leis,

27. agus, mar an gcéanna, an bord agus a ghréithe go léir, an coinnleoir agus a ngabhann leis, altóir na túise,

Eaxodus 30