Eaxodus 29:5-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Glacfaidh tú na héidí agus gléasfaidh tú Árón san ionar, agus i bhfallaing an éafód, agus sa lúireach; agus fillfidh tú uime crios fite an éafód.

6. Cuirfidh tú an cheannbheart ar a cheann, agus an choróin naofa ar an gceannbheart.

7. Glacfaidh tú chugat ola an ungtha agus doirtfidh tú ar a cheann í agus déanfaidh tú é a ungadh ar an gcuma sin.

8. Ansin tabharfaidh tú leat a mhaca agus cuirfidh tú ionair orthu

9. agus fillfidh tú criosanna umpu agus cuirfidh tú boinéid orthu, agus beidh an tsagartacht acu de bhíthin reachta shíoraí. Mar sin a oirneoidh tú Árón agus a mhaca.”

10. “Ansin tabharfaidh tú an tarbh os comhair Bhoth na Teagmhála. Leagfaidh Árón agus a mhaca a lámha ar cheann an tairbh,

11. agus maróidh tú an tarbh i láthair an Tiarna ag doras Bhoth na Teagmhála,

12. agus tógfaidh tú cuid d'fhuil an tairbh agus cuimleoidh tú le do mhéar de bheanna na haltóra í. Ansin doirtfidh tú fuílleach na fola ag bun na haltóra.

13. Tógfaidh tú a mbíonn de mhéith ag clúdach an ionathair agus an chnapóg saille os cionn an ae, agus an dá dhuán agus a mbíonn de gheir orthu, agus loiscfidh tú ar an altóir iad.

14. Ach feoil an tairbh, agus a chraiceann, agus a otrach, loiscfidh tú le tine iad taobh amuigh den champa; ofráil pheaca í sin.”

15. “Glacfaidh tú chugat ansin ceann de na reithí, agus leagfaidh Árón agus a mhaca a lámha ar cheann an reithe;

16. agus maróidh tú an reithe, baileoidh tú a chuid fola agus croithfidh tú ar an altóir thart timpeall í.

17. Ansin déanfaidh tú an reithe a roinnt ina chodanna, a ionathar agus a chosa a ní agus iad a chur leis an gceann agus na codanna,

Eaxodus 29