35. Mar sin, de réir gach ar aithin mé duit, a dhéanfaidh tú le hÁrón agus lena mhaca; caithfidh tú seacht lá á n‑insealbhú.”
36. “Gach lá díobh ofrálfaidh tú tarbh mar íobairt pheaca ina leorghníomh; ofrálfaidh tú íobairt pheaca leis ar mhaithe leis an altóir ag déanamh leorghnímh ar a son agus déanfaidh tú í a ungadh lena coisreacan.
37. Déanfaidh tú leorghníomh seacht lá ar son na haltóra; déanfaidh tú í a choisreacan agus beidh barr naofachta ag an altóir; agus aon duine a bhainfidh léi beidh sé naofa.”
38. “Seo a n‑ofrálfaidh tú ar an altóir: dhá uan bhliana gach lá gan teip.
39. Ofrálfaidh tú uan ar maidin agus an t‑uan eile tráthnóna;
40. leis an gcéad uan ofrálfaidh tú deachú tomhais de phlúr mín fuinte le ceathrú hín d'ola mhín, agus ceathrú hín fíona mar ofráil dí.
41. Déanfaidh tú an t‑uan eile a ofráil, tráthnóna idir dhá sholas, maille le hofráil arbhair agus a hofráil dí mar a bhí ar maidin, le bheith ina bholadh cumhra agus ina íobairt loiscthe don Tiarna.
42. Beidh seo mar ofráil loiscthe gan stad ó ghlúin go glúin ag doras Bhoth na Teagmhála i láthair an Tiarna; ansin is ea a theagmhóidh mé libh le labhairt leat.”