Eaxodus 29:22-34 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

22. “Méith an reithe, an t‑eireaball, a mbíonn de mhéith ag clúdach an ionathair, an chnapóg saille os cionn an ae, an dá dhuán agus a mbíonn de gheir orthu, agus an cheathrú chlé (mar is reithe insealbhaithe atá i gceist),

23. builín aráin agus bairín aráin fuinte le hola, agus abhlann as an gcliabh d'arán slim a bhíonn leagtha i láthair an Tiarna -

24. tógfaidh tú an méid sin agus cuirfidh tú é i lámha Árón agus i lámha a mhac; ofrálfar é mar dhleacht ar leith os comhair an Tiarna.

25. Ansin déanfaidh tú é a ghlacadh ar ais óna lámha agus é a dhó ar an altóir mar aon leis an íobairt loiscthe, mar bholadh cumhra i láthair an Tiarna; beidh seo ina ofráil loiscthe in onóir an Tiarna.”

26. “Agus glacfaidh tú chugat ucht reithe insealbhaithe Árón agus é a ofráil mar dhleacht ar leith i láthair an Tiarna; beidh sin ina chuid ranna agat.

27. Agus déanfaidh tú ucht an ofráil dhleachta a choisreacan, mar aon leis an gceathrú ó chuid ar leith na sagart, rud a ofrálfar ó reithe an insealbhaithe, óir is d'Árón agus dá mhic an méid sin.

28. Beidh sé ag Árón agus ag a mhic mar cháin shíoraí ó chlann Iosrael; óir is é mír na sagart é, a ofrálfaidh clann Iosrael óna n‑íobairtí síochána; is é a n‑ofráil don Tiarna é.”

29. “Beidh éidí naofa Árón ag a mhic ina dhiaidh, le haghaidh a naomhaithe agus a n‑oirnithe.

30. An mac a bheidh ina shagart ina ionad, caithfidh sé iad ar feadh seacht lá nuair a thiocfaidh sé isteach i mBoth na Teagmhála chun fónaimh san áit naofa.”

31. “Déanfaidh tú reithe an insealbhaithe a ghlacadh chugat agus a fheoil a bhruith in áit naofa;

32. agus íosfaidh Árón agus a mhic feoil an reithe agus an t‑arán sa chliabh ag doras Bhoth na Teagmhála.

33. Agus íosfaidh siad na nithe lena ndearnadh leorghníomh ar a son agus iad á n‑oirniú agus á gcoisreacan; ach ní íosfaidh aon tuata aon chuid díobh, mar is naofa dóibh.

34. Má fhágfar aon chuid de fheoil an oirnithe nó den arán go maidin, ansin loiscfidh tú an fuílleach le tine; ní íosfar é mar is naofa dó.

Eaxodus 29