Eaxodus 29:12-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. agus tógfaidh tú cuid d'fhuil an tairbh agus cuimleoidh tú le do mhéar de bheanna na haltóra í. Ansin doirtfidh tú fuílleach na fola ag bun na haltóra.

13. Tógfaidh tú a mbíonn de mhéith ag clúdach an ionathair agus an chnapóg saille os cionn an ae, agus an dá dhuán agus a mbíonn de gheir orthu, agus loiscfidh tú ar an altóir iad.

14. Ach feoil an tairbh, agus a chraiceann, agus a otrach, loiscfidh tú le tine iad taobh amuigh den champa; ofráil pheaca í sin.”

15. “Glacfaidh tú chugat ansin ceann de na reithí, agus leagfaidh Árón agus a mhaca a lámha ar cheann an reithe;

16. agus maróidh tú an reithe, baileoidh tú a chuid fola agus croithfidh tú ar an altóir thart timpeall í.

17. Ansin déanfaidh tú an reithe a roinnt ina chodanna, a ionathar agus a chosa a ní agus iad a chur leis an gceann agus na codanna,

18. agus an reithe go léir a loscadh ar an altóir; ofráil loiscthe a bheidh inti don Tiarna; cumhracht thaitneamhach í, íobairt loiscthe don Tiarna.”

19. “Agus glacfaidh tú an reithe eile agus leagfaidh Árón agus a mhaca a lámha ar cheann an reithe.

20. Agus déanfaidh tú an reithe a mharú agus cuid dá fhuil a thógáil agus í a chur ar mhaothán chluas dheas Árón agus ar mhaothán chluas dheas a mhac, ar ordóg a láimhe deise, ar ordóg a gcoise deise, agus an chuid eile a chroitheadh ar an altóir thart timpeall.

21. Ansin déanfaidh tú cuid den fhuil ar an altóir mar aon le cuid den ola ungtha a thógáil agus í a chroitheadh ar Árón agus ar a éide, ar a mhic agus ar a n‑éide chomh maith; agus beidh sé féin agus a éide naofa, agus a mhic agus éide a mhac chomh maith leis.”

22. “Méith an reithe, an t‑eireaball, a mbíonn de mhéith ag clúdach an ionathair, an chnapóg saille os cionn an ae, an dá dhuán agus a mbíonn de gheir orthu, agus an cheathrú chlé (mar is reithe insealbhaithe atá i gceist),

23. builín aráin agus bairín aráin fuinte le hola, agus abhlann as an gcliabh d'arán slim a bhíonn leagtha i láthair an Tiarna -

24. tógfaidh tú an méid sin agus cuirfidh tú é i lámha Árón agus i lámha a mhac; ofrálfar é mar dhleacht ar leith os comhair an Tiarna.

Eaxodus 29