Eaxodus 28:37-39 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

37. Greamóidh tú í den cheannbheart le lása glas; ar thosach na ceannbhirte a chuirfear í.

38. Caithfidh Árón ar a éadan í agus iompróidh Árón air féin cibé lochtanna a bhíonn ar na hofrálacha naofa a chroisriceann clann Iosrael mar íobairtí naofa; beidh sí de shíor ar a éadan d'fhonn is go nglacfaí leo i láthair an Tiarna.

39. Déanfaidh tú an t‑ionar a fhí le bróidnéireacht de línéadach mín; déanfaidh tú ceannbheart de línéadach mín agus crios maisithe le hobair shnáthaide.”

Eaxodus 28