36. “Déanfaidh tú lann d'ór fíre agus ‘Naofa don Tiarna’ a ghreanadh uirthi mar a ghreanfaí ar shéala.
37. Greamóidh tú í den cheannbheart le lása glas; ar thosach na ceannbhirte a chuirfear í.
38. Caithfidh Árón ar a éadan í agus iompróidh Árón air féin cibé lochtanna a bhíonn ar na hofrálacha naofa a chroisriceann clann Iosrael mar íobairtí naofa; beidh sí de shíor ar a éadan d'fhonn is go nglacfaí leo i láthair an Tiarna.