12. Agus cuirfidh tú an dá chloch ar dhá ghuailleán an éafód mar chlocha cuimhne chlann Iosrael, agus déanfaidh Árón a n‑ainmneacha a iompar ar a ghuaillí mar chuimhne i láthair an Tiarna.
13. Déanfaidh tú cumhdaigh d'fhiolagrán óir,
14. agus dhá shlabhra d'ór fíre, fite mar chorda, agus ceanglóidh tú na slabhraí fite do na cumhdaigh.”
15. “Déanfaidh tú lúireach bhreithiúnais, d'obair shlachtmhar; déanfaidh tú í ar dhéantús an éafód; d'ór agus d'ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus de línéadach mín cas a dhéanfaidh tú í.
16. Beidh sí cearnógach, fillte uirthi féin, réise ar fad agus réise ar leithead.
17. Leagfaidh tú ceithre shraith cloch inti: sard, tópas agus carmhogal sa chéad sraith;
18. smaragaid, saifír, agus diamant sa dara sraith;
19. iasaint, agáit, agus aimitis sa tríú sraith,
20. beiril, oinisc agus seaspar sa cheathrú sraith. Beidh siad go léir ar leaba d'fhiolagrán óir.
21. Beidh ainmneacha chlann mhac Iosrael orthu agus a dó dhéag a líon de réir líon na n‑ainmneacha orthu; beidh siad greanta mar a bheadh séalaí, a ainm féin greanta ar gach ceann, ag freagairt don dá threibh déag.
22. Déanfaidh tú slabhraí d'ór fíre, fite mar chorda, don lúireach.
23. Déanfaidh tú dhá fháinne óir don lúireach agus iad a ghreamú dá dhá chúinne uachtaracha.
24. Cuirfidh tú an dá shlabhra d'ór fite sa dá fháinne atá ar chúinní na lúirí.
25. Ceanglóidh tú dhá cheann eile na slabhraí den dá chumhdach fiolagráin i slí is go ngreamóidh tú iad de ghuailleáin an éafód chun tosaigh.
26. Déanfaidh tú dhá fháinne óir agus iad a ghreamú do dhá chúinne íochtaracha na lúirí, ar an bhfáithim laistigh le hais an éafód.
27. Déanfaidh tú dhá fháinne óir eile agus iad a ghreamú d'íochtar dhá ghuailleán an éafód chun tosaigh in aice leis an gceangal, lastuas de chrios fite an éafód.
28. Caithfear an lúireach a cheangal don éafód le lása gorm trína bhfáinní araon, i dtreo go luífidh sí ar chrios fite an éafód agus nach scarfadh an lúireach ón éafód.
29. Ar an gcuma sin iompróidh Árón ainmneacha chlann mhac Iosrael i lúireach an bhreithiúnais ar a chroí nuair a rachaidh sé isteach san áit naofa, d'fhonn iad a thabhairt chun cuimhne de shíor i láthair an Tiarna.
30. Cuirfidh tú an tÚirím agus an Tuimím sa lúireach chun go mbeidís ar chroí Árón nuair a rachaidh sé isteach i láthair an Tiarna; ar an gcuma sin iompróidh Árón breithiúnas chlann Iosrael ar a chroí i láthair an Tiarna de shíor.”