1. “Glac chugat de chlann Iosrael do dhearthair Árón agus a chlann mhac le bheith ina sagairt i mo sheirbhís - Árón agus a chlann mhac: Nádáb, Aibíchiú, Eileázár agus Íteámár.
2. Déanfaidh tú éidí naofa do Árón do dheartháir dochum glóire agus maise.
3. Tabharfaidh tú treoracha do chách a bhfuil éirim ann, iad siúd dá dtug mé éirim aigne, chun éidí Árón a dhéanamh dá choisreacan do mo shagartacht.
4. Seo iad na héidí atá le déanamh acu: lúireach agus éafód agus fallaing agus ionar bróidnithe agus ceannbheart agus crios. Déanfaidh siad éidí naofa do do dheartháir Árón agus dá mhaca le fónamh dom mar shagairt.
5. Bíodh acu don ghnó ór, ábhar gorm agus corcra agus craorag agus línéadach mín cas.”