3. Déanfaidh tú miasa le breith ar a luaithreach, agus liacha, agus báisíní, agus gabhla, agus oighinn; de chré-umha a dhéanfaidh tú soithí uile na haltóra.
4. Déanfaidh tú gráta di de chliath chré-umha, agus ceithre fáinní cré-umha ag ceithre cúinní na cléithe.
5. Cuirfidh tú í faoi fhargán na haltóra i dtreo go sínfidh an chliath leath slí suas ar an altóir.
6. Agus déanfaidh tú cuaillí don altóir, cuaillí d'adhmad sitím agus cumhdóidh tú iad le cré-umha;
7. cuirfear na cuaillí trí na fáinní i dtreo go mbeidh na cuaillí ar dhá thaobh na haltóra agus í á hiompar.
8. Déanfaidh tú an altóir de chláir, agus í folamh laistigh. Dé réir mar a taispeánadh duit ar an sliabh is ea a dhéanfaidh tú í.”
9. “Déanfaidh tú faiche an taibearnacail. Ar an taobh theas den fhaiche beidh brait céad banlámh ar fad ar chliathán de, iad déanta de línéadach mín cas.