Eaxodus 27:3-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Déanfaidh tú miasa le breith ar a luaithreach, agus liacha, agus báisíní, agus gabhla, agus oighinn; de chré-umha a dhéanfaidh tú soithí uile na haltóra.

4. Déanfaidh tú gráta di de chliath chré-umha, agus ceithre fáinní cré-umha ag ceithre cúinní na cléithe.

5. Cuirfidh tú í faoi fhargán na haltóra i dtreo go sínfidh an chliath leath slí suas ar an altóir.

6. Agus déanfaidh tú cuaillí don altóir, cuaillí d'adhmad sitím agus cumhdóidh tú iad le cré-umha;

7. cuirfear na cuaillí trí na fáinní i dtreo go mbeidh na cuaillí ar dhá thaobh na haltóra agus í á hiompar.

Eaxodus 27