10. Beidh a bhfiche polla agus a bhfiche ceap de chré-umha, ach beidh a naisc agus a mbataí d'airgead.
11. Mar an gcéanna ar feadh a fhaid ar an taobh thuaidh, beidh brait céad banlámh ar fad, a bhfiche polla agus a bhfiche ceap de chré-umha, ach a naisc agus a mbataí d'airgead.
12. Ar feadh leithe na faiche ar an taobh thiar beidh brait leathchéad banlamh le deich bpolla agus deich gceap.
13. Beidh an fhaiche leathchéad banlámh ar leithead chun tosaigh ar an taobh thoir.