Eaxodus 26:15-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. “Déanfaidh tú frámaí d'adhmad sitím don taibearnacal, agus beidh siad ina seasamh díreach.

16. Beidh gach fráma deich mbanlámh ar fad agus banlámh go leith ar leithead.

17. Beidh dhá thionúr ar gach fráma lena ngreamú; déanfaidh tú amhlaidh do gach fráma den taibearnacal.

18. Déanfaidh tú frámaí an taibearnacail mar leanas: fiche fráma don taobh theas agus a n‑aghaidh ar an deisceart;

19. déanfaidh tú daichead moirtís airgid le cur faoi na fiche frámaí mar seo: faoin gcéad fhráma dhá mhoirtís ina dtillfeadh a dtionúir, agus faoi gach fráma eile dhá mhoirtís ina dtillfeadh a dtionúir mar an gcéanna;

20. don taobh eile den taibearnacal, an taobh thuaidh, fiche frama

21. agus daichead moirtís airgid á gcothú, dhá mhoirtís faoi gach fráma;

22. agus do chúl an taibearnacail, ar an taobh thiar, déanfaidh tú sé fhráma.

23. Déanfaidh tú dhá fhráma do chúinní an taibearnacail laistiar.

24. Déanfar na frámaí seo a cheangal le chéile ag a mbonn thíos agus mar sin suas go buaic, go dtí airde an chéad fháinne; mar sin a bheidh ag an dá fhráma a bheidh mar dhá chúinne.

25. Beidh, dá réir sin, ocht bhfráma lena sé mhoirtís déag airgid - dhá mhoirtís faoin gcéad fhráma agus mar sin de.”

26. “Déanfaidh tú trasnáin d'adhmad sitím; cúig trasnáin do na frámaí ar thaobh den taibearnacal,

27. agus cúig cinn do na frámaí ar an taobh eile, an taobh thiar den taibearnacal.

28. An trasnán meánach leath slí suas ar na frámaí, rachaidh sé ó cheann ceann.

29. Cumhdaigh na frámaí d'ór agus cuir fáinní óir orthu mar ghreim do na trasnáin; agus cumhdaigh na trasnáin d'ór.

30. Tógfaidh tú an taibearnacal de réir an phatrúin de a taispeánadh duit ar an sliabh.”

Eaxodus 26